Faigheann leanaí na chéad fiacla timpeall ar sé mhí d’aois agus bíonn fiche fiacal acu faoin am is a bhíonn siad dhá bhliain go leith d’aois. Bíonn na fiacla móra ag tosnú ag fás ó sé bhliain d’aois ar aghaidh.
Cé nach bhfuil siad buan, tá na céad fiacla an thábhachtach. Cabhraíonn siad leat bia a chogaint. Tugann siad treoir dos na fiacla móra a bhíonn ag fás. Cabhraíonn siad leis an chaint. Cabhraíonn siad le féin-mhuinín agus misneach agus na leanaí ag taispeáint a bhfiacla.
Taispeánann an taighde go laghdaíonn tú an seans fadhbanna a bheith ag fiacla do leanaí má thugann tú aire dóibh ón dtús.
Ba cheart iad a scuabadh chomh luath agus a chíonn tú iad. Ní cheart taos le fluoríd a úsáid faoi aois dhá bhliain (ach amháin ar oideas ód’fhiaclóir). Faigh scuab beag le ribí boga agus scuaib na fiacla dhá uair sa ló – ar maidin agus roimh am codlata. Tabhair cead do leanaí os cionn dhá bhliain d’aois a fiacla féin a scuabadh agus bí ag faire orthu agus iad á dhéanamh go dtí go mbíonn siad deich mbliana d’aois ar a laghad. Píosa an-bheag den taos atá ag teastáil agus iarraidh orthu na seilí a chaitheamh amach sa doirteal agus gan uisce a úsáid chun rinseáil i ndiaidh an scuabadh.
Bí cinnte go bhfuil bia sláintiúil ag do leanbh, chun fadhbanna a sheachaint:
Tá sé go maith má chothaíonn tú do leanbh go nádúrtha agus dein é seo ag amannta le sos eatharthu. Is féidir le bainne na mban díobháil a dhéanamh do fhiacla má tá sé sa bhéal ró-mhinic.
Timpistí
Tabhair an leanbh go dtí an fiaclóir lom díreach más féidir.
Má leagtar amach, fiacal buan:- faigh an fhiacal agus cuir thar nais sa pholl í má tá sí glan. Muna bhfuil an fhiacal glan cuir i mbainne í agus téigh go dtí an fhiaclóir chomh luath agus is féidir. NÁ NIGH AN FHIACAL.
Tuilleadh eolais, cliceáil anseo.
© 2015 Mac Domhnaill Dental, Trá Lí